Céim ar Chéim: Foirm an Daonáirimh a Chomhlánú
Táirgeadh Treoir Céim ar Chéim i ndáil le foirm an Daonáirimh 2016 a chomhlánú, i gcomhar leis an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh (NALA).
Tugtar sa treoir eolais chun cabhrú leat foirm an Daonáirimh a líonadh isteach. Áirítear leis:
- Ceisteanna agus freagraí ar an daonáireamh
- Dátaí le meabhrú
- Spléachadh ar fhoirm an daonáirimh
- Treoir ar fhoirm an daonáirimh a líonadh isteach a théann trí gach cuid den fhoirm go mion agus a léiríonn duit conas gach ceist a fhreagairt
- Gluais de théarmaí
Tá súil againn go mbeidh an treoir seo úsáideach do dhaoine a bhfuil disléicse acu nó a bhfuil deacrachtaí liteartha nó rochtana eile acu, agus do dhaoine a d'fhéadfadh deacracht a bheith acu le foirmeacha i mBéarla a chomhlánú.
Íoslódáil Treoir Céim ar Chéim chun foirm an Daonáirimh 2016 a líonadh isteach (as Béarla)

