Ainmniú Ceantair
Mapáil Daonáirimh 2016
Chun an Daonáireamh a chur i gcrích ní mór d’Áiritheoir an Daonáirimh gach áitreabh agus áit chónaithe a aimsiú, teagmháil a dhéanamh le ceann an teaghlaigh agus na foirmeacha a dháileadh agus a bhailiú. Len é seo a bhaint amach rinneadh an tír a roinnt agus a mhapáil i 4,660 ‘Ceantair Áirimh’, le tuairim 420 áitribh iontu ar fad.
Ag baint úsáide as ‘Córas Eolais Gheografach’ cruthaíodh na Ceantair Áirimh (CÁ) trí Cheantair Bheaga le taobh a chéile a chur in éineacht. Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann (SOÉ) agus an tInstitiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnda agus Spáis i gcomhair leis an bPOS a chruthaigh na Ceantair Bheaga. Tá idir 75 agus 150 teaghlach i ngach Ceantar Beag agus is é an ceantar is lú geografach lena mbeidh Torthaí Daonáirimh 2011 foilsithe.
Léiríonn gach mapa CÁ suíomh na n-áitreabh ar fad atá ar eolas chomh maith le teorainneacha na gceantar beag agus na mbailte fearainn agus mapáil chúlra SOÉ ar scála mór.
Rinneadh na mapaí ar fad a phriontáil sa POS le hiomlán de thuairim 10,000 bileoga mapála i.e. ós cionn 8 gciliméadair chearnach de pháipéar!


