Cas leis na hÁiritheoirí

Helen Behan, Baile Átha Cliath 7

"Bíodh bróga compordacha ort, bí dearfach agus bain taitneamh as – mar go bhfuil sé taitneamhach."

Christy Stapleton, Port Laoise

"Eispéireas thar a bheith taitneamhach. Chas mé lena lán daoine agus d’fhoghlaim mé barraíocht faoin gceantar, bhí cúpla scéal grinn ag daoine dom, agus thuill mé cúpla punt as."

Anne Marie Whittle, Dún Ard, Co. Chill Mhantáin

"Bhí sé ina eispéireas den chéad scoth. Bhain mé an-taitneamh as. Obair fhiúntach a bhí ann a bhuíochas leis na daoine nua ar chas mé leo, na daoine i mo cheantar."