Tuairisceáin Suaitheanta Daonáirimh ó 1901 agus 1911

Is acmhainn luachmhar iad na tuairisceáin Daonáirimh ó 1901 agus 1911, atá ar fáil ar líne ar shuíomh idirlín atá ag an gCartlann Náisiúnta. Tugann siad deis d’Éireannaigh is cuma cá bhfuileadar ar domhan breathnú siar inár stair, ar mhaithe lena muintir féin a aimsiú nó le blasadh a fháil de stair na hÉireann.

Cá bhfios, b’fhéidir go mbeidh ár sleachta ag breathnú ar ár bhfoirmeacha Daonáirimh i gceann na gcéadta bliain le hiarracht a dhéanamh níos mó a fháil amach fúinn.

Breathnaigh ar na foirmeacha daonáirimh thíos (As Béarla) le rogha a fháil de thuairisceáin spéisiúla Daonáirimh ó 1901 agus 1911 agus feidfidh tú cuid de na hÉireannaigh cháiliúla anois a bhí san áireamh i nDaonáireamh 1901 nó 1911 nó sa dá cheann!

Tomás Séamus Ó Cléirigh

Mar gheall ar a shinsearacht, ba é Thomas Clarke an chéad duine a shínigh an Forógra.  Bhí sé ina bhall de Bhráithreachas na bhFíníní ó bhí sé ina dhéagóir agus chaith sé 15 bliana i bpríosún mar gheall ar an ról a bhí aige i bhfeachtas buamála Chlan na Gael.  Chuaigh sé ar eisimirce go Meiriceá ar a scaoileadh saor ón bpríosún sa bhliain 1898. D’fhill sé ar ais go hÉirinn sa bhliain 1907. Bhí sé ar dhuine de na chéad reibiliúnaigh a cuireadh chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann an 3 Bealtaine 1916.

1911

Seán Mac Diarmada

De réir a thuairisceáin daonáirimh don bhliain, bhí cónaí ar Sheán Mac Diarmada in uimhir 15 Plás an Ruiséalaigh, Rotunda, Baile Átha Cliath, sa bhliain 1911.  Bhí sé 26 bliain d’aois agus bhí sé ina chléireach. Bhí sé ina fhear singil, cé gur luaigh sé go dtiocfadh athrú ar an scéal sin roimh i bhfad.  Chomhlánaigh sé a fhoirm i nGaeilge.  Cé gur bhuail póilió é sa bhliain 1911 agus go raibh maide siúil de dhíth air, meastar gur éirigh le Mac Diarmada Bráithreachas na bhFíníní a athbheochan in éineacht le Tom Clarke, le Denis McCullough agus le Bulmer Hobson. Bhí sé ina cheannaire a raibh an-ghean air.  Bhí sé ar dhuine de na daoine a shínigh an Forógra agus bhí sé ina bhall den Rialtas Sealadach. Bhí sé lonnaithe in Ard-Oifig an Phoist le linn an Éirí Amach. Cuireadh é chun báis os comhair scuad lámhaigh i bPríosún Chill Mhaighneann an 12 Bealtaine. Ní raibh Mac Diarmada pósta.

1911

Tomás Mac Donnchadha

Tuairisceán ó Thomas MacDonagh, a raibh cónaí air i nGráinseach an Araltaigh, an Teampall Geal. Agus é 33 bliain d’aois, bhí sé ina fhile agus ina mhúinteoir ag an am. Bhí sé ina fhile a raibh saothar leis foilsithe agus bhí sé ar dhuine de na daoine a bhunaigh Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire. Theagasc Thomas MacDonagh i Scoil Éanna i Raghnallach, an scoil buachaillí a bhunaigh Pádraig Pearse.  Bhí ról gníomhach aige ina dhiaidh sin in Éirí Amach 1916 agus bhí sé ar dhuine de na daoine a shínigh an Forógra. Cuireadh é chun báis an 3 Bealtaine 1916 i bPríosún Chill Mhaighneann.

1911

Pádraig Mac Piarais

Tuairisceán do Phádraig Anraí Mac Piarais a raibh cónaí air ag 363 Ascaill Dhumhach Thrá i mBaile Átha Cliath, 21 bliain d’aois ina mhac léinn dlí. Ina dhiaidh sin b’abhcóide a bhí ann chomh maith le múinteoir Gaeilge, file, scríbhneoir, náisiúnaí agus shínigh sé forógra 1916 agus ba dhuine de cheannairí Éirí Amach na Cásca a bhí ann. Cuireadh chun báis é in éineacht lena dheartháir Willie agus ceannairí eile Éirí Amach 1916.
1901

Éamonn Ceannt

Rugadh Éamonn Ceannt sa bhliain 1881 i ndún na bpóilíní i mBéal Átha Mó, Co. na Gaillimhe. Tugadh Edward Thomas Kent air ar dtús agus bhí sé ina mhac le James Kent, oifigeach i gConstáblacht Ríoga na hÉireann, agus le Joanne Galway, a bhean chéile. Bhog an teaghlach go Baile Átha Fhirdhia, Co. Lú nuair a aistríodh James ansin. Bhog siad go Droichead Átha ina dhiaidh sin sular shocraigh siad síos i mBaile Átha Cliath nuair a chuaigh James ar scor. Léirítear sa tuairisceán don bhliain 1901 go raibh Edward, a bhí 19 mbliana d’aois ag an am, fostaithe mar chléireach corparáide agus go raibh cónaí air leis an gcuid eile den teaghlach i gCluain Tarbh. Faoin mbliain 1911, bhí Éamonn Ceannt pósta agus bhí cónaí air i gCill Mhaighneann le hÁine, a bhean chéile, agus le Rónán, a mhac. An Luan Cásca 1916, d’fhorghabh Ceannt agus 120 fear ó 4ú Cathlán Óglaigh na hÉireann Aontas Bhaile Átha Cliath Theas, teach bocht/ospidéal a bhí suite lasmuigh de Shráid San Séamas agus ina raibh níos mó dhá acra is caoga agus roinnt foirgneamh. Bhí cuid den choimpléasc faoina seilbh go dtí gur tugadh fógra dóibh faoin ngéilleadh ginearálta Dé Domhnaigh. Triaileadh Ceannt os comhair armchúirte agus cuireadh é chun báis os comhair scuad lámhaigh i bPríosún Chill Mhaighneann an 8 Bealtaine.

1901

1911

Séamas Ó Conghaile

Taispeánann tuairisceán 1901 Séamus Ó Conghaile, ceannaire sóisialach Éireannach agus duine den seachtar a shínigh Forógra 1916, ag maireachtáil i dteach ar Ché na gCeannaithe, Baile Átha Cliath. Faoin mbliain 1911 bhí an teaghlach ina chónaí ag 70 Bóthar na Lotaí, Baile Átha Cliath. Go spéisiúil deir sé gur rugadh é i gCo. Mhuineacháin, cé gur ceapadh go forleathan gur i nDún Éideann, Albain a rugadh é, mac le heisimircigh as Co. Mhuineacháin.
1901

1911

Seosamh Máire Pluincéid

Rugadh Joseph Mary Plunkett sa bhliain 1887, agus é ina mhac le George Noble Plunkett, cunta pápach, agus le Josephine Cranny, a bhean chéile. Léirítear sa tuairisceán don bhliain 1901 go raibh cónaí ar an teaghlach i nGleann Cuilinn, Co. Bhaile Átha Cliath, ag an am. Bhuail eitinn Joseph agus é ina fhear óg agus chaith sé tréimhsí san Iodáil, san Ailgéir agus san Éigipt idir na blianta 1910-12. Cé go raibh drochshláinte aige agus go raibh sé ag téarnamh ó mhórobráid ar fhaireoga ina mhuineál, chuaigh Plunkett le baill eile den Rialtas Sealadach in Ard-Oifig an Phoist le linn Cháisc na bliana 1916. Tar éis an ghéillte, triaileadh é os comhair armchúirte agus daoradh é chun báis os comhair scuad lámhaigh. Phós sé Grace Gifford, deirfiúr chéile le Thomas MacDonagh, i bPríosún Chill Mhaighneann an oíche sular cuireadh é chun báis an 4 Bealtaine. Osclaíodh Droichead Róise Haicéid lena nasctar Sráid Mhaoilbhríde le Sráid Hawkins i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine 2014.

1901

Proinsias Bácún

San áireamh i dtuairisceán 1911 don teaghlach Bacon ag 3 Cúirt Uí Chionnaith, Inse Brisleáin, Co. Chill Dara, bhí Francis a bhí bliain d’aois, fear a raibh tóir mhór air mar ealaíontóir sa thréimhse tar éis an chogaidh.

1911 

Nóra Ó Cadhain

Tuairisceán do Norah Barnacle, a phós Séamus Seoighe, a bhí ina cónaí lena teaghlach ag Bóthar Shandair i gCathair na Gaillimhe sa bhliain 1901, in aois 18 agus a bhí ag obair i neachtlann. Trí bliana níos déanaí casadh Seoighe uirthi agus cruthaíodh an lá neamhbhásmhar sa leabhar Ulysses, 16 Meitheamh, 1904.

1901

Samuel Beicéid

Tá Samuel Barclay 4 bliana d’aois san áireamh ar an tuairisceán do theaghlach Beckett i gCill Tí Céire, An Baile Breac, Co. Átha Cliath, duine a d’fhás suas le saothrú mar scríbhneoir, drámadóir agus file. Bhí cáil forleathan air mar dhuine de na scríbhneoirí ba mhó tionchar den 20ú aois agus bronnadh an Duais Nobel don Litríocht air sa bhliain 1969.

1911

Mícheál Ó Coileáin

Tuairisceán do Mhícheál Ó Coileáin, buachaill scoile 10 mbliana d’aois a bhí ina chónaí i nDoire Luain, Cúil Chraithín, Corcaigh. Faoin mbliain 1911, bhí cónaí i Londain air. Tugadh “an Fear Mór” ar Ó Coileáin a bhí ina cheannaire Reabhlóide, ina bhall den Chéad Dáil, ina Chathaoirleach ar rialtas sealadach na hÉireann agus ina ardcheannasaí ar arm an rialtais sealadaigh. Ar an 22 Lúnasa 1922, maraíodh Mícheál Ó Coileáin i luíochán i mBéal na Bláth.

1901

Éamon De Valera

Ar an tuairisceán coláiste agus scoile cónaithe ag seoladh i mBaile Liam, An Charraig Dhubh, Co Átha Cliath tá Edward De Valera 18 bliana d’aois liostaithe. Rugadh é George De Valero i Nua Eabhrach sa bhliain 1882, tháinig sé chun cónaithe in Éirinn in éineacht lena uncail nuair a bhí sé dhá bhliain d’aois tar éis dá athair bás a fháil. Thóg teaghlach a mháthar é i gCo Luimní. Sa bhliain 1901 ba mhac léinn a bhí ann i gColáiste na Carraige Duibhe, Baile Átha Cliath. Faoin mbliain 1911 bhí sé pósta agus ina chónaí lena bhean Sinéad agus a mac Vivien i 33 Ardán Morehamptom, Baile Átha Cliath. Ceannaire a bhí ann in Éirí Amach 1916, bhunaigh sé níos déanaí Fianna Fáil agus bhí saol fada sa pholaitíocht aige, ina Thaoiseach (1932-48, 1951-54 agus 1957-59) agus mar Uachtarán na hÉireann (1959-1973).

1901

1911

Sinéad De Valera

San áireamh sa thuairisceán do theaghlach Uí Fhlannagáin ag 6 Iostáin Richmond, Muinseo, Baile Átha Cliath, bhí Jane, múinteoir bunscoile 22 bliana d’aois. D’athraigh Jane Ní Fhlannagáin a hainm go Gaeilge, Sinéad, agus casadh Éamon De Valera uirthi, an fear a phós sí i mí Eanáir 1910, nuair a bhí sí ag múineadh Gaeilge le Conradh na Gaeilge. I dtuairisceán 1911 feicimid go raibh an teaghlach ina chónaí i 33 Ardán Morehampton, Baile Átha Cliath. Tá aithne forleathan ar Shinéad de Valera inti féin mar údar ar Fhinscéalta na hÉireann do pháistí i nGaeilge agus i mBéarla.

1901

1911

An Bhantiarna Gregory

Tuairisceán don Bhantiarna Augusta Gregory, a bhí ag fanacht in Óstán Nolan i Sráid Fhreidric Theas sa bhliain 1911, agus WB Yeats ina comhluadar. Bhí sí mar dhuine de na daoine a bhunaigh Amharclann na Mainistreach agus ina fíor bhéaloideasóir agus scríbhneoir.

1911

Oilibhéar St. John Mag Fhógartaig

Tuairisceán do Oliver St.John Gogarty don bhliain 1911, nuair a tharraing sé cáil air féin mar gheall go ndearna sé dearmad go raibh sé pósta. Máinlia agus scríbhneoir a bhí ann agus mar inspioráid do Buck Mulligan i Ulysses le Séamus Seoighe.

1911

Róise Haicéad

Tuairisceán do Rosanna (Rosie) Hackett, a bhí ina cónaí lena teaghlach i Sráid na Mainistreach, i mBaile Átha Cliath. Bhí sí ina ceannaire ar na hoibrithe ban i monarcha brioscaí Jacob a chuaigh ar stailc sa bhliain 1913, bhí ról lárnach aici i gCeardchumann Oibrithe Ban na hÉireann, agus phriontáil sí Forógra 1916 i Halla na Saoirse.  The Rosie Hackett Bridge linking Marlborough Street to Hawkins Street in Dublin was opened in May 2014.

1911

Neachtlann Magdalen An Pháirc Ard

Tuairisceán do Neachtlann Magdalen An Pháirc Ard i nDroim Conrach, a thug sonraí maidir le cuid den 160 bean a raibh cónaí orthu ann sa bhliain 1901.

1901 

Dr. Dubhglas de hÍde

Feictear ó thuairisceán 1901 go raibh Dubhglas de hÍde agus a theaghlach ina gcónaí i Ráth an tSratha, Dún Gar. Scoláire Gaeilge a bhí ann agus d’fhoilsigh sé líon mór filíochta Gaeilge faoin ainm cleite "An Craoibhín Aoibhinn" agus bhí sé mar dhuine de na daoine a bhunaigh Conradh na Gaeilge. Ina dhiaidh sin bhí sé ina Sheanadóir agus mar chéad Uachtarán na hÉireann ó 1938-1945. Tabhair faoi deara go raibh tuairisceán an Dr. de hÍde don bhliain 1911, faoin am sin bhí cónaí air ag uimhir 1 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath, comhlánaithe i nGaeilge.

1901

1911

Séamus Seoighe

San áireamh sa thuairisceán do theaghlach Seoighe a raibh cónaí orthu san Ardán Ríoga, Cluain Tarbh, Baile Átha Cliath, bhí an mac léinn Séamus Augustine 9 mbliana déag d’aois. Úrscéalaí agus file a bhí ann níos déanaí agus bhain sé cáil amach mar údar Ulysses agus is féidir a rá gur duine é de na scríbhneoirí ba mhó ag tús na fichiú aoise.

1901

Pádraig Caomhánach

San áireamh sa thuairisceán don teaghlach Caomhánach i Mucair, Na Coillte Beaga, Co. Muineachán bhí Pádraig, 7 mbliana d’aois, a bhí ina fhile agus úrscéalaí níos déanaí. Tabharfaidh daoine a bhfuil cion acu ar úrscéal dírbheatháisnéise an Chaomhánaigh, The Green Fool, faoi deara gur gréasaí a bhí ina athair agus go raibh gréasaí giúrnálaí i láthair sa theaghlach oíche an daonáirimh 1911.

1911

Dr. Caitlín Ó Fhloinn

Tuairisceán don Dochtúir Kathleen Lynn, dochtúir, ball de hArm Cathartha na hÉireann agus bunaitheoir níos déanaí d’Ospidéal na Leanaí Naomh Ultan.

1911

Dorothy Macardle, údar The Irish Republic

Tuairisceán do Dorothy Macardle, údar The Irish Republic, an chéad stair den tréimhse réabhlóideach, ina cónaí ar Shráid Wellington, Baile Átha Cliath. Tabhair faoi deara go ndiúltaíonn sí eolas a thabhairt maidir lena creideamh. Chaill sí an meas a bhí aici ar a laoch De Valera agus í níos sine.

1911

Ailís Ó Maoileagáin

Tuairisceán d’Alice Milligan, ina cónaí ar Shráid Clifton i mBéal Feirste. File agus údár líon mór oibreacha próis a bhí inti agus tá mór thaispeántas dá cuid ag an Leabharlann Náisiúnta.

1911

Seaghan Ó Cathasaigh

Tuairisceán do Sheaghan Ó Cathasaigh sa bhliain 1911. Bhí baint ag Ó Cathasaigh le hArm Cathartha na hÉireann, le Conradh na Gaeilge, (tuairisceán déanta i nGaeilge aige) agus le gluaiseacht na gceardchumann. Bhí cónaí air ar Bhóthar Obar Chúirnidh, An Port Thoir lena mháthair Susan agus a dheartháir Michael.

1911

Edith Somerville agus Violet Martin (Somerville agus Ross)

Tuairisceán d’Edith Somerville agus Violet Martin, a raibh cónaí i nDriseán i gCorcaigh Theas orthu sa bhliain 1911. Scríobh na mná seo ag baint úsáide as na hainmneacha cleite Somerville agus Ross. Bhí an-tóir ar a gcuid scéalta  Irish RM.

1911

Peig Sayers

Tuairisceán do Mhairéad Uí Ghaoithín (Peig Sayers), a raibh cónaí uirthi ar an mBlascaod Mór in éineacht lena fear chéile, a dheartháir agus seisear dá gclann a bhí fós beo as deichniúr leanaí a saolaíodh dí. Bhain sí clú amach mar údar ar a dírbheathaisnéis, Peig, a bhí ina ábhar staidéir ag na glúnta de dhaltaí Éireannacha.

1911

An Teach Leasríoga

Tuairisceán don Teach Leasríoga (Áras an Uachtaráin anois) i 1911. B’é an Tiarna Aberdeen a bhí ina Fhear Ionaid an Rí. Feimineach iomráiteach a bhí ina bhean, Ishbel Maria Gordon, agus bhunaigh sí Cumann Sláinte Náisiúnta na mBan in Éirinn, le bheith mar cheannródaithe sa throid i gcoinne na heitinne.

1911

Seán de Búitléir de Gheata

Tuairisceán do John (Jack) Butler Yeats, ealaíontóir, ina chónaí ag 13 Ráth an Dúin Íocht., Na Clocha Liatha, Co. Chill Mhantáin. Deartháir le William Butler Yeats agus fíor chara le Samuel Beckett, údar agus ealaíontóir cáiliúil a bhí ann, a raibh clú air as a phéintéireacht de thírdhreach na hÉireann, capaill, sorcas agus imreoirí taistil.

1911

Liam de Búitléir de Gheata

Tuairisceán do WB Yeats, a bhí ag fanacht in Óstán Nolan Sráid Fhreidric Theas sa bhliain 1911, in éineacht leis an mBantiarna Augusta Gregory. File agus drámadóir, b’é duine de na daoine ba mhó cáil i dtaobh litríocht na 20ú aoise agus bronnadh Duais Nobel air don Litríocht sa bhliain 1923. Bhí sé lárnach in Athbheochan Litríochta na hÉireann agus in éineacht leis an mBantiarna Gregory agus daoine eile bhunaigh sé Amharclann na Mainistreach. Chaith sé dhá théarma i Seanad Éireann.

1911