Don Daonáireamh, roinneann an CSO an tír i gceantair ina n-áirítear 466 limistéar allamuigh daonáirimh. Mar Mhaoirseoir Allamuigh Daonáirimh, beidh tú freagrach as an daonáireamh a reáchtáil go rathúil i gceann de na limistéir seo.
Mar Mhaoirseoir Allamuigh Daonáirimh, beidh tú ag freagairt do Mhaoirseoir Réigiúnach Daonáirimh. Beidh tú mar bhainisteoir ar fhoireann de 9-12 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh, ag a mbeidh a limistéir oibre féin acu, laistigh den limistéar allamuigh daonáirimh atá agat.
Ós rud é go mbeifear in ann an daonáireamh a dhéanamh ar líne den chéad uair, tacóidh tú féin agus d’fhoireann leis an dá mhodh bailithe — an modh digiteach agus an modh páipéarbhunaithe.
I measc na nDualgas, áireofar:
- Earcaíocht, oiliúint agus maoirseacht ar fhoireann d’Oifigigh Tacaíochta Allamuigh
- Oibríochtaí allamuigh an daonáirimh i do limistéar a bhainistiú, mar aon le haon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann
- Eolas a chur ar chórais TF ábhartha, lena n-áirítear ardán an daonáirimh do bhainistíocht ar chaidreamh le custaiméirí. Cuirfear traenáil ar fáil
- Monatóireacht agus tuairisciú ar rátaí freagartha i do limistéir
- An daonáireamh a chur chun cinn go gníomhach i do limistéar trí rannpháirtíocht an phobail a chothú agus trí theagmháil a dhéanamh le grúpaí agus pobail áitiúla
- Ag obair go neamhspleách ón mbaile
- Torthaí a bhaint amach agus spriocanna laethúla/seachtainiúla a chomhlíonadh
Riachtanais ardleibhéil:
- Trí bliana nó níos mó de thaithí ar fhoirne de naonúr ar a laghad a bhainistiú agus ar a gcuid oibre a eagrú
- Taithí earcaíochta
- Taithí ar chláir oiliúna a eagrú agus a reáchtáil
- Líofacht i mBéarla labhartha agus scríofa
- Eolas ar reachtaíocht chearta fostaíochta
- Ceadúnas tiomána reatha glan a bheith agat agus rochtain lánaimseartha ar ghluaisteán a bheith agat ó mhí Eanáir go Meitheamh 2027
- Seoladh cónaithe in Éirinn ag an dáta fostaíochta
An bhfuil tú:
- inniúil ar ríomhaire agus ar phacáistí Microsoft, seirbhísí físchomhdhála, fóin chliste agus feidhmchláir
- In ann spriocanna feidhmíochta sainithe a bhaint amach
- In ann rannpháirtíocht sa daonáireamh a chur chun cinn trí obair for-rochtana a dhéanamh le grúpaí agus pobail áitiúla i do limistéar allamuigh
- Ar fáil go lánaimseartha do thréimhse an chonartha
- In ann cumarsáid a dhéanamh i nGaeilge go proifisiúnta nó go neamhfhoirmeálta (go háirithe i gceantair Ghaeltachta, ach úsáideach i gceantair eile chomh maith)
- Na riachtanais saoránachta a chomhlíonadh
- In ann an t-ábhar agus an trealamh daonáirimh ar fad a bhaineann le do limistéar allamuigh a stóráil go slán agus faoi rún i do theach