An oirfeadh post mar Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Daonáirimh domsa?

D’fhéadfadh na ceisteanna seo a leanas cúnamh a thabhairt duit cinneadh a dhéanamh cibé an mbeadh ról mar Oifigeach Tacaíochta Allamuigh Dhaonáireamh 2027 oiriúnach duitse.  

Ag Déileáil leis an bPobal

An sórt duine atá ionat:  

  • An duine thú a bhaineann sásamh as comhluadar agus a bhaineann taitneamh as teagmháil a bheith agat le daoine ón uile chúlra?  
  • An duine thú a bheadh muiníneach ag bualadh ar dhoras árais cónaithe agus gan fhios agat cén cineál duine a d’fhéadfadh an doras a fhreagairt ná gan fhios agat an mbeadh fáilte romhat nó nach mbeadh?  
  • An bhfuil tú compordach ag obair as do stuaim féin?  
  • An mbeifeá stuama ag déileáil le daoine atá doicheallach?  
  • An mbeifeá ábalta déileáil le ceisteanna a d’fhéadfadh dua a chur ort ó thaobh do chuid eolais ar an daonáireamh?

  Scileanna Pearsanta

  • An bhfuil tú ábalta mapaí a léamh, agus compordach ag úsáid seirbhísí ar nós Google Maps, chun do bhealach a dhéanamh timpeall bailte, cathracha agus ceantair thuaithe?  
  • An bhfuil scileanna maithe TF agus fón cliste agat? Tá sé ríthábhachtach go gcuirfeá eolas ar aip fóin chliste, agus go mbeifeá ábalta déileáil le glaonna, físghlaonna, téacsanna, rochtain idirlín agus GPS/Mapaí.  
  • An bhfuil sé ar do chumas oibriú as do stuaim féin i gcónaí nó formhór an ama?
  • An bhfuil tú spreagtha coinneáil ort in éadan céim ar gcúl a d’fhéadfadh a bheith ann?   

 Eagrúchán Pearsanta

  • An bhfuil tú eagraithe agus cúramach, go háirithe ó thaobh do chuid oibre a bhainistiú ar ghaireas nó ar pháipéar?
  • An bhfuil ar do chumas oibriú taobh istigh de spriocdháta teann dúshlánach?  

Riachtanais shonracha maidir le ról an Oifigigh Tacaíochta Allamuigh  

  • An bhfuil tú ar fáil chun oibriú 18 n-uaire an chloig in aghaidh na seachtaine?  
  • An bhfuil tú sásta a bheith ag obair faoin aer i ngach cineál aimsire?  
  • An bhfuil tú ar fáil chun obair a dhéanamh ar laethanta agus uaireanta difriúla – ar maidin, tráthnóna agus ag an deireadh seachtaine – lena chinntiú go mbaineann tú do chuid spriocanna amach?  
  • An bhfuil tú ar do chompord thart ar pheataí líonta tí amhail madraí?  
  • An mbeifeá ar do chompord dá dtabharfadh do Mhaoirseoir Allamuigh cuairt ort i d’áras cónaithe féin?  
  • An bhfuil tú aclaí? (Tá sé seo tábhachtach mar go bhféadfadh sé go mbeadh ort cuairt a thabhairt ar árais chónaithe i do cheantar cúpla uair, agus tú ag iompar foirmeacha daonáirimh agus ábhair eile)
  • An bhfuil do dhóthain spáis ag baile chun ábhar daonáirimh a stóráil go sábháilte?  
  • An bhfuil cumas maith Béarla agat, scríofa agus labhartha?  
  • An bhfuil ceadúnas tiomána iomlán, glan, reatha agat agus an bhfuil teacht agat ar charr go lánaimseartha (ní theastóidh sé sin ach i gceantair thuaithe)?  
  • Má tá tú i do chónaí i gceantar Gaeltachta nó in aice le ceantar Gaeltachta, an bhfuil sé ar do chumas Gaeilge a labhairt?  

Ní mór d’iarrthóirí incháilithe a bheith ina saoránach den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), den Ríocht Aontaithe, den Eilvéis, ina saoránach neamh-LEE a bhfuil cead stampa 4 nó stampa 5 acu nó ina mac léinn neamh-LEE a bhfuil víosa stampa 2 acu.

Is é 2pm Dé hAoine an 4 Nollaig an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Moltar iarratas a dhéanamh go luath áfach mar go ndúnfar an comórtas seo nuair a bheidh 12,000 iarratas faighte.