Faoin Maoirseoir Allamuigh Daonáirimh

Bhí an comórtas do Mhaoirseoirí Allamuigh Daonáirimh ar siúl i mí Mheán Fómhair agus tá na hagallaimh do na róil sin ar siúl faoi láthair.

Mar Mhaoirseoir Allamuigh, déanfar limistéar allamuigh a shannú duit. Beidh tú faoi threoir Maoirseoir Réigiúnach Daonáirimh ag a mbeidh thart ar 10 Maoirseoir Allamuigh ar an bhfoireann acu. Beidh réigiúin ar leith an duine acu. I measc na gcúraimí a bheidh ort ar dtús ná na hiarratasóirí a chuir faoi agallamh agus oifigigh thacaíochta allamuigh a roghnú. Nuair atá an t-earcú seo críochnaithe, beidh tú freagrach as traenáil, maoirseacht agus tacaíocht a thabhairt do d’fhoireann de 4-12 Oifigeach Tacaíochta Allamuigh. Leanfaidh tú treoracha Ceanncheathrú an Daonáirimh chun Daonáireamh 2027 a éascú. Beidh tú mar phointe teagmhála ag na hoifigigh thacaíochta allamuigh nuair atá tacaíocht uathu ag déileáil le ceisteanna nó ag cuidiú le deacrachtaí bainteach le cúrsaí allamuigh.

Beidh tú bunaithe sa bhaile. Beidh sé tábhachtach cruinnithe rialta a bheith agat le d’fhoireann. Uaireanta, beidh ort buaileadh chuig áitribh chun cuidiú le d’oifigigh thacaíochta allamuigh ina gcuid oibre, sa chás, mar shampla, go bhfuil an sealbhóir tí ag diúltú páirt a ghlacadh sa daonáireamh. Beidh sé riachtanach rátaí freagartha daonáirimh a rianú go leanúnach sa limistéar allamuigh a sannaíodh duit i rith tréimhse ghníomhach an daonáirimh. Beidh tú freagrach as tuairiscí ar dhul chun cinn, cumarsáid a dhéanamh le do mhaoirseoir réigiúnach maidir le dúshláin agus deacrachtaí, agus aghaidh a thabhairt orthu le cabhair do mhaoirseoir réigiúnach/oifigeach tacaíochta allamuigh.

Beidh ról lárnach agat ag casadh agus ag obair le grúpaí áitiúla agus grúpaí pobail chun cúnamh a fháil uathu ag cur Daonáireamh 2027 chun cinn agus ag spreagadh rannpháirtíochta.

An ráta pá ná €743.64 sa tseachtain. Is tréimhse 20 seachtaine an conradh, ón 18 Eanáir go dtí an 11 Meitheamh 2027.

 I measc na nDualgas, áireofar:

  • Earcaíocht, oiliúint agus maoirseacht ar fhoireann d’Oifigigh Tacaíochta Allamuigh
  • Oibríochtaí allamuigh an daonáirimh i do limistéar a bhainistiú, mar aon le haon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann
  • Eolas a chur ar chórais TF ábhartha, lena n-áirítear ardán an daonáirimh do bhainistíocht ar chaidreamh le custaiméirí. Cuirfear traenáil ar fáil
  • Monatóireacht agus tuairisciú ar rátaí freagartha i do limistéir
  • An daonáireamh a chur chun cinn go gníomhach i do limistéar trí rannpháirtíocht an phobail a chothú agus trí theagmháil a dhéanamh le grúpaí agus pobail áitiúla
  • Ag obair go neamhspleách ón mbaile
  • Torthaí a bhaint amach agus spriocanna laethúla/seachtainiúla a chomhlíonadh.

Riachtanais ardleibhéil:

  • Trí bliana nó níos mó de thaithí ar fhoirne de naonúr ar a laghad a bhainistiú agus ar a gcuid oibre a eagrú
  • Taithí earcaíochta
  • Taithí ar chláir oiliúna a eagrú agus a reáchtáil
  • Líofacht i mBéarla labhartha agus scríofa
  • Eolas ar reachtaíocht chearta fostaíochta
  • Ceadúnas tiomána reatha glan a bheith agat agus rochtain lánaimseartha ar ghluaisteán a bheith agat ó mhí Eanáir go Meitheamh 2027
  • Seoladh cónaithe in Éirinn ag an dáta fostaíochta.